I mbliana, tháinig mé ar Esperanto, an teanga idirnáisiúnta agus neodrach; is í an teanga is éasca ar domhan í. Cuireann sé malairt na gcultúr chun cinn gan claonadh eitneach. Cheap mé gur deas an smaoineamh é, ach an oibríonn sé? So, chuaigh mé chuig an chéad “Somera Esperanto-Studado” sa tSlóvaic. Bhí an tseachtain eagraithe ag “Lernu”, suíomh gréasáin a mhúineann Esperanto saor in aisce. Bhí seans mór agam eolas a chur ar chultúr nua idirnáisiúnta nach raibh eolas agam air. Sa fhíseán seo, thaispeáin mé cén fáth a bheidh mé ag freastail ar go leor imeachtaí Esperanto as seo amach.
Tá gach físeán agus grianghraf a rinne mé ar mo “flickr”.
Fág trácht más maith leat é!! ![]()
Tá teanga agus cultúr na hÉireann iontach ar fad. Mar sin chaith mé seachtain i nGleann Cholm Cille ag freastal ar chúrsa teanga agus cultúir. Rinne mé an físeán seo chun an chraic a thaispeáint.
Fág trácht más maith leat é!! ![]()
Seo mo chéad fhíseán as Gaeilge!! Rinne mé turas go binn bolcáin Teide sa Spáinn i mbliana agus scannán faisnéise faoin eispéireas sin. Fág trácht más maith leat é!! ![]()
An samhradh seo caite, casadh dom le Matt Harding, duine an-cháiliúil ar an Idirlíon (mar rinne sé ceann de na físeáin is faiseanta ar Youtube). Tá sé i ndiaidh físeán eile a dhéanamh faoina thaistil. Níl sé ach 4:29 ar fad; agus ar 3:51 (i Montreal) chífidh sibh mise i lár an phictiúir (leis an chasóg bhuí)
Seo linn roimh an damhsa: 